Skip to main content

"Gaillimh chun tacú le Cúigear Ros Dumhach

From www.Nuacht.com Dé Sathairn seo caite chuir corradh is fiche duine ó ghrúpaí Éireannacha i Londain picéad ar cheanncheathrú Shell Petroleum i Londain. Agóid a bhí ann chun tacú le Cúigear Ros Dumhach. Cibé dóchas a bhí ag an rialtas, nó ag Shell go n-imeodh an cheist seo ó na ceannlínte, ní baol é. Dé Sathairn seo chugainn tabharfaidh na mílte duine cás Chúigear Ros Dumhach chuig sráideanna na Gaillimhe. Mórshiúl náisiúnta atá i gceist agus tá daoine le taisteal ó gach cearn den tír don slógadh. Agus má bhí dóchas ag Shell go mbainfeadh a gcinneadh ag deireadh na seachtaine gan dul ar aghaidh leis an phíplíne conspóideach go dtí an bhliain seo chugainn goimh ó fheachtas an Chúigéir ní amhlaidh é. Dar le Mark Garvan, eagraí an fheachtais ar son Chúigear Ros Dumhach, go bhfuil na fir maíte ar fhanacht faoi ghlas go dtí go n-éiríonn Shell as a bplean. ''Shell a lorg an urghaire cúirte, Shell a chuir na fir faoi ghlas'' ar seisean. 'Faoi Shell atá sé anois na fir seo a fhuascailt.'' Drochscéala do na mórpháirtithe polaitiúla an taobh sin tíre atá cheana féin faoi bhrú mar gheall ar an cheist. An tseachtain seo tá Enda Ó Cionnaith chun bualadh le toscaire ó lucht tacaíochta na bhfear agus dóchas aige go mbeidh sé in ann baint den bhrú atá á cur ar Fhine Gael faoin cheist seo. Go dtí seo is é Michael Ring, TD sa dúiche, a sheas an fód do Fhine Gael ar an cheist seo. Ach tugadh faoi deara agus poiblíodh cuid mhaith nach raibh Enda Ó Cionnaith ag na mórshiúlta taaíochta agus nár tháinig sé amach go poiblí chun tacú leis na fir. Tá an fhadhb chéanna ag Fianna Fáil. Ní thig leo teacht amach go láidir ar son na bhfear agus i gcoinne Shell. Mar sin tá Teachtaí neamhspleácha, ionadaithe Shinn Féin, agus ionadaithe an Chomhaontais Ghlais orthu sin atá chun cinn san fheachtas seo, feachtas atá ag fáil a lán tacaíochta ar fud na tíre. Ag deireadh na seachtaine seo caite thug Paul Hill agus Nicky Kelly cuairt ar champa lucht tacaíochta Chúigear Ros Dumhach. Bhí an comhairleoir Niall Ó Brolcháin ón Chomhaontas Glas orthu sin a thug cuairt ar Chúigear Ros Dumhach an tseachtain seo caite. Ar seisean, ''Níl ar a n-aird ag na fir seo ach sábháilteacht a dteaghlaigh is a bpobail. Thug sé le fios nach bhfuil na fir chun a ndíspeagadh cúirte a chur ar leataobh go dtí go gcaitear leis na ceisteanna sábháilteachta a thóg siad. Iriseoir: Eoghan Ó Néill''

Posted Date: 
9 August 2005 - 7:07pm