Skip to main content

Tús le hathbhreithniú breithiúnach ar phíblíne gháis Shell

By: 
TG4.ie

Cuireadh tús san Ard-Chúirt inniu le hathbhreithniú breithiúnach ar chinneadh Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha na linne Alex White cead a thabhairt in 2015 don chomhlacht Shell píblíne gháis na Coiribe i gCo Mhaigh Eo a oibriú. 

Tá Maura Harrington ón ngrúpa Shell Chun Sáile ag lorg ordú cúirte a chuirfeadh cinneadh an Aire White ar neamhní. Tá an Stát agus Shell ag cur in éadan a hiarratais.

I 1996, aimsíodh tobar gáis na Coiribe amach ó chósta Mhaigh Eo ach bhí conspóid mhór faoin ngás a thabhairt i dtír i mBéal an Átha Buí i gceantar Iorrais ar feadh blianta ina dhiaidh sin.

Ar 29 Nollaig 2015, thug an tAire Fuinnimh ag an am Alex White cead don chomhlacht Shell an phíblíne gháis a oibriú.

Sa chúirt inniu, labhair Maura Harrington thar a ceann féin mar dhlíthí tuata.

Mhaígh sí nach raibh aon rannpháirtíocht phoiblí sa phróiseas faoinar tugadh cead do Shell an phíblíne gháis idir an tobar agus an scaglann i mBéal an Átha Buí a oibriú. 

Dúirt sí freisin go bhfuil amhras uirthi nár chloígh an Stát go hiomlán le treoirlínte an Aontais Eorpaigh agus na tíre seo araon maidir le measúnachtaí tionchair timpeallachta do ghnéithe éagsúla den togra.

Dar léi go ndearna an tAire ag an am cinneadh faoi dheifir cead a thabhairt do Shell an phíblíne a oibriú. 

Rinneadh an cinneadh taobh istigh de sheachtain le linn fhéile na Nollag in 2015 tar éis don Roinn tuarascálacha ar an ábhar a fháil ó chomhairleoirí seachtracha, a dúirt Maura Harrington. 

In éadan bhunaidhm an dlí maidir le cosaint na timpeallachta a tugadh an cead do Shell, a mhaígh sí.

Ionsaí talún, farraige agus aeir ar cheantair Iorrais, a thug sí ar an togra.

Dúirt an Breitheamh Michael McGrath go gcloisfeadh an chúirt aighneacht ón Stát go bhfuil iarratas Maura Harrington rómhall agus neamhdhleathach.

Leanfar leis an éisteacht amárach agus meastar go mairfidh sé trí lá.

Posted Date: 
13 February 2018