"About 120 protesters outside Mullingar station Ming Flanagan, Maura Harrington, etc. Supporting McCabe. M" - Ex-Garda Commissioner Callinan
"You can judge a man by his friends" Brian Purcell - SG of Dept of Justice
"Some shower Brian" Callinan
Beidh scannán faoin gcoimhlint idir muintir Ros Dumhach i Maigh Eo agus an ollchomhlacht Shell, The Pipe, le feiceáil sna pictiúrlanna ó 3 Nollaig.
Bhuaigh an scannán an Gradam don Scannán Faisnéise is Fearr ag Féile Scannáin na Gaillimhe i mbliana. De bharr a ratha agus an éilimh mhór a fhacthas ar thicéid don scannán ag an bhFéile Scannáin BFI, i Londain an mhí seo caite, tá sé le taispeáint i bpictúrlanna in Éirinnn, le réamhthaispeántas ar siúl san IFI Dé Déardaoin, 2 Nollaig.
Chur The Pipe, a stiúir Risteard Ó Domhnaill agus a léirigh Rachel Lysaght (Undergrdound Films) do Scannáin Inbhear, chuir sé daoine ar a gcosa ag an bhFéile Scannáin Idirnáisiúnta i Toronto i mí Meán Fómhair.
Beidh an scannán ar siúl san IFI, an Lighthouse, Movies@Dundrum, An Aill agus Raghnallach i mBaile Átha Cliath, mar aon le Corcaigh, Gaillimh, Caisleán an Bharraigh, Sligeach, Béal an Mhuirthead, Dún Garbhán, Guaire, Port Omna agus an Coireán i gCiarraí.
Is pobal beag feirmeoireachta agus iascaireachta iad muintir Ros Dumhach i dTuaisceart Mhaigh Eo agus le deich mbliana anuas, tá coimhlint idir na daoine seo agus na comhlachtaí Shell, Statoil agus Vermillion Energy, a bhfuil sé mar phlean acu píopa ard-bhrú a leagan tríd an gceantar chun gás ó Thobar na Coiribe a thabhairt chomh fada le scaglann phróiseála atá 9 km intíre.
Maíonn grúpaí áitiúla go bhfuil an-bhaol ag baint leis an bpíblíne, rud atá séanta ag Shell agus a chomhpháirtithe.
Chaith Risteard Ó Domhnaill ceithre bliana i measc phobal Ros Dubhach agus is de bharr an naisc sin atá aige leis an áit agus na daoine, a ligeadh dó, triúr de mhuintir an phobail atá in aghaidh an phíblíne a leanúint; Willie Corduff, duine de Chúigear Ros Dumhach atá ag iarraidh an fheirm a ghabh a athair ón bportach a chaomhnú, Monica Muller a tháinig ón nGearmáin 25 bliain ó shin ar thóir shuaimhneas an iarthair, ach a thit amach lena comharsana nuair nach mbrisfeadh sí ordú cúirte mar gur chreid sí go bhfaigheadh sí cothrom na féinne tríd na cúirteanna; agus Pat "The Chief" O’Donnell, iascaire a dhiúltaíonn cúiteamh ó Shell agus a sheolann amach chun aghaidh a thabhairt ar an long ollmhór atá ag leagan na bpíopaí – An Solitaire.
Deir Risteárd Ó Domhnaill: "Ba í aidhm an scannáin ón tús ná díospóireacht a spreagadh agus solas a dhíriú ar na buncheisteanna a bhaineann le togra Gáis na Coiribe, an tionchar atá aige ar an bpobal áitiúil agus ar an timpeallacht, agus an bealach a cuireadh acmhainní an Stáit faoi bhráid Shell. Ach ní raibh a fhios agam go mbeadh suim dá laghad ag daoine thar lear i scéal an phobail bhig iargúlta seo ar imeall an Atlantaigh.
"Is iontach an chaoi go dtuigeann daoine ó Cheanada go Sasana scéal na ndaoine seo, agus an chaoi a ndéanann siad comparáid idir mhuintir Ros Dumhach agus pobail atá ag troid in aghaidh éagóra ar fud an domhain.
"Tá an t-aiseolas óna féilte idirnáisiúnta thar cinn ar fad agus tá mé ag súil go mór leis an tionchar a bheidh ag an scannán ar dhaoine atá anois ag athmheasúnú a gcuid tuairimí maidir leis an treo ina raibh an tír seo ag dul le deich mbliana anuas," ar seisean.
Ag an réamhthaispeántais ar an Déardaoin, ar 2 Nollag, beidh an stiúrthóir Risteard Ó Domhnaill, an léiritheoir Rachel Lysaght, agus muintir Ros Dumhach i láthair, Willie agus Mary Corduff, Pat O’Donnell, Monica Muller agus Maura Harrington ina measc.