Skip to main content

Agallamh le Mícheál Ó Seighin

By: 
Seosamh Mac Muirí

Iar-phríomhoide meánscoile, duine de Chúigear Ros Dumhach agus fonnadóir agus ceoltóir é Mícheál Ó Seighin. Tháinig sé ar an saol i gContae Luimnigh ach tá a shaol oibre caite aige i gceann de sheoda áille rúnda na tíre seo, in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Bhuail Seosamh Mac Muirí isteach chuige le gnaithí na tíre a spíonadh in éineacht leis ina theach os cionn na farraige idir céibh na Rinne Ruaidhe agus Sruth Fada Con. Nocht Mícheál a thuairim ar an iliomad rudaí sa taobh tíre álainn sin, ina measc ar Pat ‘the Chief’ O Donnell atá anois ar an leaba chláir sa gCaisleán Riabhach, ar an mBord Pleanála, ar an iriseoir Paul Williams, an Betelgeuse a pléasc i gCuan Bheanntraí, ar Lloyds Marine, ar Acht Airgeadais 1992, Ray Burke agus Bobby Molloy agus ar airgead na Gaeltachta a bheith dá roinnt ar Bhéal an Mhuirthead.

 

SMM: Is é do bheatha go BEO.ie a Mhícheáil. Go raibh maith agat as mo cheadú isteach anseo le mo chuid ceisteanna.
MÓS: Go raibh maith agat a Sheosaimh, fáilte romhat.

SMM: Cén tionchar is mó, an n-abrófá, a d’fhág fód dúchais d’óige i gContae Luimnigh ort?
MÓS: Neamhspleáchas is dócha, agus féinmhuinín as an gcumas maireachtála, mo chonradh féin a dhéanamh. Déarfainn gurb shin é is mó. Bhí rud eile. D’fhág an iománaíocht marc, ó bhí mé i mo pháiste, d’fhág sé sin marc orm, an bealach a théim i mbun rudaí. Ní hionann an bealach a théann an t-iománaí agus an bealach a théann an peileadóir i mbun gnaithí. Creidim gur fhág sé lorg an-suntasach orm. Cuir san áireamh gur ceantar é – gur rugadh mé i 1940 agus ba mé ba óige de naonúr agus ba cheantar é an ceantar s’againne a ghlac páirt an-ghníomhach i gCogadh na Saoirse. Ba shin Cathlán na nGaibhlte agus bhí cuimhne láidir go maith agus bhíodh plé go fóill faoi Chogadh na nDubhchrónach agus faoi Chogadh na gCarad. Faoin dá rud. Roimhe sin, an taobh eile den pharóiste, bhí Soviet ann. D’fhág sé sin go raibh eithne, go raibh croí ann don lucht oibre, ‘ceart’ a déarfainn. Cé go raibh muid amuigh faoin tuaith go hiomlán, bhí neart d’oidhreacht ann, neart na Sóibhéide ann, le comhairleoir contae a thoghadh do Pháirtí an Lucht Oibre. Ní aithneodh siad cé raibh Ruairí Quinn ag gabháil. Má thuigeann tú mé, ní lucht oibre den chineál sin iad. Bhí éagsúlacht mhór ann, agus ar ndóigh ceol na háite, d’fhág sé marc go láidir orm.

Pat O Donnell

SMM: Bhí tú seal ar an leaba chláir i Muinseo mar gheall ar chur i gcoinne obair Shell ag Muing na Bó. Céard é do mheas ar an gcor sa scéal scathamh ó shin, breith an Bhoird Phleanála in aghaidh an chomhlachta ar láimh amháin agus an géibheann a cuireadh ar Pat O Donnell ar na mallaibh?
MÓS: Maidir linne i dtosach, níl muide anseo ag iarraidh bua, níl muide ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar éinne ná ní shin é atá i gceist againn. Táimid ag iarraidh go mbeadh an bua ag an gciall agus ag an réiteach. Níor chuir muid in aghaidh an togra in aon am. Tá a fhios againn go rímhaith go bhfuil feall á dhéanamh ar phobal na hÉireann, go ndearna an Dáil feall orthu nuair a thug siad uathu ar fad agus ar ndóigh, thar oíche, tá siad ag déanamh an rud ceannann céanna. Ach ní thig linne tada a dhéanamh faoi sin. An Dáil a rinne feall, ní muide, agus an Dáil a chaithfeas a leigheas, ach ní shin é is cás linne, ach a bheith sábháilte. Chuir muid in iúl dófa ón tús glan gurb shin é atá ann. Ní thiocfadh leo a rá in am ar bith go ndearna muid aon iarracht ar chur i gcéill nó a theacht aniar ar buntáiste a ghlacan ar throid a bhí daoine eile a dhéanamh. Ní dhearna muid é sin in am ar bith. Chuir muid ár gcuid cártaí ar an gclár ón tús agus níor athraigh sé sin.

 

Maidir le Pat ansin, tá trí rud i gceist. Tá éagóir mhór á déanamh ar Pat O Donnell, éagóir a théann siar go dtí an t-am nuair a tharrtháil Pat, in éineacht lena dheartháir agus a mhac, beirt gharda, ón bhfoireann tumadóireachta sin atá acu, agus daoine eile, ón mbás i mBéal Deirg, ar an lá ar theip ar an mbád tarrthála a bhí faoi stiúir phríomh-cheannfort an Gharda i Maigh Eo, nuair nach raibh siadsan in ann a dhéanamh! Tá olc acu do Pat ó shin agus níl ceist ar bith gurb shin é atá ann. An rud atá ar a chúl, is é atá i gceist leis an leagan Béarla faoin mbean ar tugadh droim láimhe dí, ‘a woman scorned’. An té a bhfuil ceird aige ach go seáineann duine eile nach bhfuil an cheird i gceart aige, níl aon olc go dtí é. Sin é atá i gceist san olc atá in aghaidh Pat O Donnell. Bhí na daoine ceaptha i bpluais ar an bhfarraige an lá sin. Ní raibh an Garda in ann tada a dhéanamh an lá sin. Ní raibh an bád tarrthála in ann tada a dhéanamh leis na daoine a bhí sa bpluais a tharrtháil. Níos measa ná sin, chuaigh na gardaí ar ais isteach sa bpluais ach ceapadh iad féin istigh ann. Tháinig O Donnell lena dheartháir agus a mhac agus thug siad amach slán iad. Rinne na O Donnells nach raibh an chuid eile in ann a dhéanamh an lá sin agus ní mhaithfear é sin dófa. Ní mhaithfidh na gardaí dó é agus go mór mór, an Chief Super, ní mhaithfidh sé don Chief (O Donnell) é.

Anois, dearcfaidh sé sin páistiúil. Tá sé páistiúil! Tá sé chomh páistiúil is atá amplaí duine ar bith. Is duine, go díreach, cineál sónta ann féin é Pat. Ní chuireann sé t-idir éinne. Is duine é a réiteos le duine ar bith, mar atá a fhios againne go maith. Níl muide buíoch de na Gardaí as an ngéarleanúint atá déanta acu ar Pat. Cuirim i gcás anois, tá trí mhí faighte aige faoi láthair ó tharla gur dhúirt garda amháin sa gcúirt ‘that he interfered with his space’. Sin é atá ina aghaidh, ‘he interfered with his space’. Ar ndóigh, tugadh bualadh do Pat go minic ar an mbóthar.

Breith an Bhoird

SMM: I bhfianaise bhreith an Bhoird Phleanála sa chomharsain anseo, an meabhródh sé sin duit rud a tharla in iarthar Chorcaí i bhfad siar 
MÓS: An Betelgeuse!

SMM: Sea, an Betelgeuse, agus an dream Briotánach is Éireannach, foireann na Betelgeuse a cailleadh le taobh na sprioclainne ag Faoide.

MÓS: Tá sé suimiúil go luann tú an Betelgeuse, ceann de na rudaí a tharla ‘nárbh fhéidir leis tarlú’. Ní thiocfadh leis tarlú ’chor ar bith, de réir an scéil a bhíothas ag fáil, ach tharla, agus maraíodh leithchéad agus ní shin é amháin, ach dódh ina mbeatha iad. Ceann de na rudaí uafásacha seo go bhfuil sé deacair cuimhneamh air. Ar bhealach éicint, is measa dúinn an dó ná an míthapadh de shaghas ar bith eile. Ní raibh muide i bhfad sa bpríosún nuair a chuir duine éicint comhad eolais chugam faoi na cásanna a lean timpiste an Bhetelgeuse. Ar ndóighe, ní raibh ann ach timpiste i gcás an Bhetelgeuse, ach an rud a bhí gránna ann ná nach raibh na socruithe déanta faoina choinne sin agus go raibh an chontúirt séanta ag comhairleoirí contae agus ag lucht ola agus ag lucht stáit agus ag airí stáit agus ag gach cineál diabhail a shíl go raibh oidhe an duine ina láimh acu agus go raibh an ceart go mbeadh oidhe an duine ina láimh acu. Agus is é an rud céanna é leis an obair seo faoi Shell, ach táimid thar a bheith buíoch ar fad, agus ní ceart dom é sin a rá, mar níl an Bord Pleanála ach ag déanamh a ghnaithí féin. Agus ba cheart do gach duine a bheith ag déanamh a ghnaithí. Is i ngeall ar sin a bhí 1916 ann, is i ngeall ar sin atá stát againn. Ní le hábhar scannáin a thabhairt do dhaoine, ní le go mbeadh lucht staire ag plé an raibh an Piarsach ciotach nó an raibh sé deasach – ní ar an ábhar sin atá stát againn. Ar aon chaoi, an rud a chonaic an Bord Pleanála tar éis don eolas a bheith curtha ina láthair agus tar éis gur theip ar Shell agus ar a gcuid saineolaithe a sheáint go raibh an píopa seo sábháilte, tá an Bord Pleanála a rá, “níl sé sábháilte”.

Lloyds Marine Insurance

Níl sé sábháilte mar seo. Má tharlaíonn timpiste, seo an rud a tharlós. Tá a fhios ag an saol céard a tharlós! Tá an t-eolas ann mar tá oiread sin timpistí ag tarlú, cuirim i gcás, mar luaigh muid ag an éisteacht phoiblí, le Lloyds Marine Insurance ó mhí Iúil 2002 go dtí mí Iúil 2008, bhí 150 timpiste píblíne gáis á láimhsiú ag Lloyds. Níor bhain siad sin leis na comhlachtaí móra mar tá a gcuid árachais féin ag Shell agus ag Exxon agus ní íocann siad árachas seachtrach ar bith. Íocann siad a gcostais as airgead reatha, tá oiread de ann. Tá a fhios ag gach duine mar sin céard a tharlaíonn nuair a phléascann píopa ola agus ar ndóigh, tá an ceann seo níos measa mar is píopa táirgthe é. Ní píopa dáilte atá ann. Ní gás atá réitithe don mhargadh atá sí seo ag iompar. Níl boladh ar bith uaithi seo. Ní airítear é mar sin go mbíonn an pléascadh ann. Ní raibh ceann ar bith acu sin ag Lloyds Marine, dála an scéil, ó 2002 go 2008, agus tá ábhar amháin le sin: ní bhíonn a leithéid in áit a bhfuil daoine! Ní chuirtear a leithéid áit a mbíonn daoine.

Feiceann tú an rud atá Ryan ag iarraidh a dhéanamh ansin. Tá bille tugtha isteach sa Dáil anois a bhéarfas toiseach don lucht riosca, don fiontar, mar a deir siad. An míniú atá leis sin, ná tá sé ag iarraidh an Bord Pleanála a stopadh ón ‘consequence’ a chur san áireamh, ó céard a tharlós do dhaoine má bhíonn timpiste ann. Tá Ó Riain ag iarraidh sin a bhaint den Bhord Pleanála ó tharla go bhfuil sé i gcoinne agus tá sé ag iarraidh an rud seo a chur ina áit. Má sheáineann an comhlacht ola go bhfuil aon seans amháin sa chéad míle go bpléascfaidh an píopa, ansin, tá an píopa sábháilte agus is féidir leis gabháil ar aghaidh in áit ar bith. Ar an mbonn sin, ar an gcineál sin réasúnaíochta, dob’fhéidir scaglann, nó fearas ceimiceach a shuiteáil i lár baile móir, mar ar an dearcadh sin, dob’fhéidir stáisiún ginte adamhach a lonnú i Sráid Uí Chonaill i mBaile Átha Cliath de réir na loighice sin. Tá na comhlachtaí ola, na comhlachtaí ceimice agus lucht tionscail in Éirinn ag iarraidh brú a chur ar an rialtas é sin a thabhairt isteach ó 1992, ach ní ghéillfeadh fiú Fianna Fáil dófa. Is dócha i ngeall ar na feirmeoirí, nach gcuirfeadh siad suas leis. Tá sé tugtha isteach ag Ryan, ach ar bhealach thar a bheith glic ar fad. Níl sé le baint leis an tionscal ceimiceach. Níl sé le baint ach leis an tionscal fuinnimh amháin. I bhfocal eile, ‘the Corrib’. Dúirt duine éicint liom go mbaineann sé leis an bPáirtí Glas. An mbaineann?
SMM: Baineann.

Ó Ray Burke go Bobby Molloy

SMM: Luadh ar an gclár sin de chuid Paul Williams,
MÓS: Paul Williams, Dia dár réiteach! (gáire)
SMM: ... go raibh roinnt daoine den tuairim láidir go raibh acmhainn aiceanta díolta faoina luach le Shell. An n-abrófá gur mar sin atá, gur díoladh acmhainn aiceanta faoina luach?

MÓS: Tá sé suairc a bheith ag tíocht ó Paul Williams, nuair atá a fhios againn an agenda atá ag Paul Williams. Níl aon cheist faoi. Níl aon deis go mbainfidh stát na hÉireann pingin ar bith as an gCorrib, ar an gcaoi ar réitigh Bertie Ahern an tAcht Airgeadais ’92 agus ar an gcaoi ar fhoilsigh Bobby Molloy an bhliain chéanna na coinníollacha nua faoin taiscéalaíocht don ola is don ghás. Níl le déanamh ag duine ach an chuid den Acht a bhaineanns le hola, in Acht Airgeadais 92, a léamh agus feicfidh aon duine glan amach nach bhféadfadh buntáiste ar bith a bheith as. Cuimhnigh gur Ray Burke a réitigh cuid mhór den ábhar a chuir Bobby Molloy amach ar deireadh, agus cuirtear milleán ar Ray Burke, ach dúirt Ray Burke, cuirim i gcás - in éis dófa milleadh a dhéanamh - ach dúirt Burke nach laghdódh sé an cháin chorparáideach faoi 50%, mar aon rud taobh thíos de sin, nach dtiocfadh leis seasamh leis.

Tagann Bertie isteach ansin, faoin Acht Airgeadais ’92 agus laghdaíonn sé go dtí 25% é. Ba shin rud nach ndéanfadh Burke. Déanann daoine dearmad, tá a fhios agam. Níl sé ag teacht leis an dearcadh gnáis faoi Ray Burke, ach bhí prionsabal áirithe i mBurke nach raibh insna daoine a tháinig ina dhiaidh.

An Ghaeilge i nDú Chaocháin

SMM: Leis an aighneas sa gceantar mar gheall ar an bhfeadán gáis seo, ciallaíonn sé go bhfuil na céadta duine ag teacht chun na háite agus ní Gaeilg atá le clons ag ceachtar den dá thaobh, ar son Shell nó ina gcoinne. An gcuirfidh an fuadar go léir seo, ar an dá thaobh, tairne i nGaeilg na mbailte ón gCorrán Buí isteach go Cill Ghallagáin? 
MÓS: Ní dóigh liom go bhfuil baint dá laghad ag a leithéid le hathrú teanga. Ní dhóigh liom. Fórsaí eile ar fad atá ag feidhmiú. Ach rud a chuirfeas isteach ar an teangaidh, an dearcadh atá anois ag Ó Cuív, an tAire, ar an nGaeilge. Tá sé sin ag déanamh feall níos measa ná leithéidí Lindsay, tá a fhios aige go bhfuil
sé ag déanamh feille ar an nGaeilge.Tá sé ag cur brú ar na ceantracha Gaeltachta, cuirim i gcás in Iorras, tá sé tar éis cinneadh a dhéanamh go mbeidh eagraíocht amháin in Iorras a bheas ag rith cúrsaí airgead na Gaeilge agus cúrsaí Gaeilge ar fad. Gan a chur san áireamh gur i gCeathrú Thaidhg amháin atá labhairt na Gaeilge de réir an taighde saineolais. Tá an taighde saineolais a chuir Ó Cuív á dhéanamh, tá cúl tugtha ar fad aige leis agus an rud atá sé a dhéanamh anois, tá sé ag gabháil ar aghaidh mar a rinne gach dream roimhe. Tá sé ag iarraidh go dtabharfaí tuilleadh agus tuilleadh d’airgead na Gaeilge le caitheamh ar Bhéal an Mhuirthead, áit nach bhfuil Gaeilge ar bith. Tá sé i bhfad níos measa ná éinne a chuaigh roimhe mar tá a fhios aige gurb é an rud mícheart atá á dhéanamh aige. Tá sé ag déanamh feille ar an nGaeilge, níl aon náire orm a rá, ach tá náire orm gur shíl mé in am amháin go ndéanfadh sé togha Aire. Cuirim sa chomhad céanna é le leithéidí Nangle agus bunadh Chromail. Is mallacht De Valera ar an áit seo é agus ar an teangaidh.

SMM: Céard é do dhearcadh ar chúlú sheirbhísí Raidió na Gaeltachta as Maigh Eo, tharla nach mbíonn clár rialta as Caisleán an Bharraigh?
MÓS: Ní fheicim tuige a mbeadh clár rialta as Contae Mhaigh Eo nuair atá an tAire ag tabhairt le rá gurb ionann Béal an Mhuirthead, áit de réir an daonáirimh go labhraíonn níos lú ná 14% focal ar bith Gaeilge gach lá! Nuair atá Ó Cuív ag leagan amach gurb shin í Gaeltacht Mhaigh Eo. Tá a fhios aige. Sula ndearnadh Aire de, chuala mé ceist á cur air, “cén teist atá agatsa ar Ghaeltacht?” - “Gaeltacht, sin í an áit a ritear na cruinnithe i nGaeilge”.
Níl ach áit amháin i Maigh Eo a ritear cruinnithe i nGaeilge agus sin anseo i gCeathrú Thaidhg. Ní bhíonn cruinniú ag Ó Cuív in áit ar bith i Maigh Eo ach amháin i gCeathrú Thaidhg, agus cén chaoi a mbeadh Raidió na Gaeltachta ag iarraidh cláracha a chraoladh as Maigh Eo nuair atá Aire na Gaeltachta a rá, “níl Gaeilge ar bith ann”!  Níl ann ach bréag. Níl ann ach lucht Ghaeltacht Lindsay uilig é.

An Ghaeilge in Éirinn

MÓS: Nuair a bhí ceann de na héisteachtaí poiblí i mBaile Átha Cliath ar siúl, chuir duine ceist orm faoi, an ndéanfaí an plé i nGaeilg agus an gcuirfinn isteach air? Dúirt mé “no”. Agus an t-ábhar, agus tá mé a rá “no” sa lá inniu féin don rud ceannann céanna, tá oiread sin bréag inste mar gheall ar an nGaeilge, tá oiread sin úsáid dá baint as an nGaeilge ag daoine ar lú suim acu i nGaeilge ná i leacracha Ifrinn, nach bhfuil mise sástaí gabháil an bóthar céanna. Dá mbeadh an córas bealach ar bith réasúnta, ní bheadh aon chall leis. Ba mhaith liom é sin a rá, níl mé sásta úsáid a bhaint as an teangaidh leis an saol a dhéanamh deacair nó níos deacra d’amhais a chaitheas airgead eile na tíre ag ligean orthu féin go bhfuil siad ag cur seirbhísí Gaeilge ar fáil. Caithfidh sé gur muid an tír is dúire ar an domhan. Tá 166 Teachta Dála againn agus níl a fhios againn cé mhéad státseirbhísigh arda atá tar éis scolaíocht fhada a fháil, cuid acu, is beag daoine sa Dáil fiú amháin, nach raibh ar scoil, cé gur doiligh é sin a chreidbheáil in amannaí, agus níl labhairt na Gaeilge ag an deichiú cuid acu. Tá ceithre bliain déag de fhoghlaim na Gaeilge curtha isteach ag beagnach chuile dhuine acu sin agus níl labhairt na Gaeilge ag an deichiú cuid acu. Níl a fhios agam cén chaoi a dtig le tír daoine chomh dúr sin a cheapadh i gceannas ar an stát, agus an stát maireachtáil. Ní thuigim cén chaoi a mairfeadh stát mar sin a bhfuil an pobal chomh dall is go gceapfadh siad daoine chomh dúr sin.

SMM: An dteasáineann sé rud éicint faoin gcóras oideachais a Mhícheáil?
MÓS: Ní sheáineann. Ní dhéanann na múinteoirí ach an rud a cheadaítear dhófa. Leis na blianta, blianta, blianta fada, tá scoileanna i mBaile Átha Cliath go mór mór, - anois tá scoileanna an-mhaithe ar fud na tíre – ach tá scoileanna ardnósacha i mBÁC atá ag fáil iomlán airgead an stáit le híoc as múinteoirí, as trealamh, as chuile shórt eile, agus níl siad ag múineadh na Gaeilge agus ní raibh le blianta blianta fada agus tá a fhios ag na cigirí sin, tá a fhios ag na hAirí sin agus tá a fhios ag na Teachtaí Dála a bhfuil a gcuid clann ag dul chuig na scoileanna sin. An bhfuil siad ag cuimhneamh an rud a ligfidh siad do bhodaigh an airgid a dhéanamh, nach bhfuil bodach na déirce ag gabháil an rud céanna a dhéanamh?

SMM: Tá tú amuigh le cén t-achar blianta anois a Mhícheáil?MÓS: Beagnach seacht mbliana anois. Is iontach an chaoi é le bheith.
SMM: Guímid gach rath ort don saol scoir sna blianta amach romhat. Táimid faoi chomaoin mhór agat as labhairt linn.

Naisc:
http://en.wikipedia.org/wiki/Betelgeuse_incident
http://www.gaeltacht.eu/
http://www.gaeltacht.eu/ituras.html
http://www.beo.ie/index.php?archive_id=677&page=archive_content
http://www.mayo-ireland.ie/Mayo/Towns/Ballina/TirSaile/GalTirSaile.htm
http://www.irishheart.ie/iopen24/pub/slinaslainte/maps/ceathru_thaidgh_page_2.pdf
http://ceathruthaidhg.com/home.html
http://www.celt.dias.ie/publications/cat/e/e2-9.html
http://www.youtube.com/watch?v=UeYibIsyai8